Iascach Intíre Éireann ag iascaireacht d’fhilí óga sa chomórtas náisiúnta filíochta

Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge tá IFI ag lorg dánta i nGaeilge

Iascach Intíre Éireann agus Ionad Oideachais na Carraige Duibhe ag reáchtáil comórtas náisiúnta filíochta  ‘Something Fishy’ atá dírithe ar dhaltaí bunscoile rang 5 agus 6 in Éirinn. Is deis é do dhaltaí a bheith cruthaitheach sa bhaile agus foghlaim faoi iasc. Is í seo an dara bliain a reáchtáladh an comórtas mar bhealach spraíúil do dhaltaí chun níos mó a fhoghlaim faoi éisc agus faoina dtimpeallacht agus, ag an am céanna, tá seans acu roinnt duaiseanna iontacha a bhuachan.

Don chomórtas tá dán acrastaic le scríobh; ina litríonn an chéad litir de gach líne focal amach. Tá gach dalta chun an focal ‘SRUTH’ a litriú chun a dhán acrastaic féin a scríobh.  Spreagtar na daltaí freisin chun a gcuid dánta a léiriú lena saothar ealaíne féin. Ní cheadaítear ach iontráil amháin in aghaidh an scoláire agus is obair bhunaidh atá ann. Is é Dé hAoine, 28 ú Bealtaine 2021  an spriocdháta le haghaidh iontrálacha. Iarrtar ar Thuismitheoirí/Chaomhnóirí ríomhphost a sheoladh chuig [email protected]  le ainm an dalta, rang (5 ú nó 6ú) agus ainm agus seoladh na scoile. Roinnfear na hiontrálacha i dtrí chatagóir: 5 ú rang í gcatagóir amháin, 6 ú rang í gcatagóir eile agus tá catagóir ann freisin d’iontrálacha i nGaeilge. Roghnóidh painéal moltóirí buaiteoirí na dánta mhaisithe.

Fógrófar buaiteoirí ar an 18 ú  Meitheamh 2021 agus is iad seo a leanas na duaiseanna:

Trí Chatagóir- 5ú Rang, 6ú  rang agus catagóir Gaeilge

1ú  duais-  Trealamh iascaireachta  (ar luach  €100)

2ú  duais- Trealamh turas allamuigh  (ar luach  €50)

3 ú  duais-  Mála Féiríní  (ar luach  €30)

Beidh triúr buaiteoirí ar leith ag gach catagóir a gheobhaidh na duaiseanna thuas.

Le haghaidh aon cheisteanna, seol ríomhphost chuig [email protected].